ceachtanna

Ceacht 12: Ag péinteáil an tí (A' peantadh an taighe)

   

Réamhrá

Sa cheacht seo, foghlaimeoidh tú faoi na dathanna sa Ghàidhlig.

Chífidh tú chomh maith mar a bhaintear feidhm as bu toil/bu mhath leam ba mhaith liom agus cuirfear breis téarmaíochta a bhaineann le cúrsaí tís ar fáil.

Cairde Bréige

Tá focail áirithe i mórán an riocht chéanna sa dá theanga ach ós rud é go bhfuil bríonna ar leith bainte amach acu le himeacht aimsire, tugtar 'cairde bréige' nó 'cairdecoimhthíocha' orthu.

Samplaí sa cheacht seo

Ní hionann gorm gorm sa dá theanga ná glas glas ach oiread. Tá de bhrí breise ag gorm na Gàidhlige glasuaithne agus ciallaíonn glas na Gàidhlige liath den chuid is mó.

teachín atá i gceist le taigh beag ach teach an asail, mar a deirtear. Tha an taigh-beag air do làimh chlì Tá teach an asail ar do láimh chlé

Geal an focal fá choinne bán. Ní gó dó a bheith chomhsoiléir, glé, sonrach sin. Ciallaíonn glè roimh aidiacht an-. Tha thu cho geal ris an t-sneachda Tá tú chomh bán leis an sneachta

Mullach an focal is coitianta fá choinne díon. Ciallaíonn dìon na Gàidhlig cosaint go príomha. Thig a-nuas bhon mhullach, amadain! Gabh i leith uait anuas den díon, a chladhaire!

Foclóir

Am bu toil leat? Ar mhaith leat? Am bu mhath leat? Ar mhaith leat? Bu toil leam Ba mhaith liom Bu mhath leam Ba mhaith liom Cha bu toil leam Níor mhaith liom Cha bu mhath leam Níor mhaith liom Nach bu toil leat? Nár mhaith leat? Nach bu mhath leat? Nár mhaith leat? Nam biodh tu a' peantadh an taighe agad, dè an dath a bhiodh tu ga pheantadh? Dá mbeifeá ag péinteáil an tí, cén dath a bheifeá á phéinteáil? Bhithinn ga pheantadh dearg Bheinn á phéinteáil dearg